Éamon Ó Cuív
Ceist:209. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt céard iad na socruithe atá déanta chun a chinntiú go mbeidh na foirmeacha dá dtagraítear in Ionstraim Reachtúil 398 de 2015 ar fáil i nGaeilge ar éileamh i gcomhréir leis an mbreithiúnas sa chás sa Chúirt Uachtarach a ndéantar tagairt dó mar Ó Beoláin v Fahy; an bhfuil socrú déanta gur féidir leis na gairis anála agus na hionstraimí a ghabhann leo foirm Ghaeilge a chur ar fáil ar éileamh; cé na socruithe atá déanta le freastal ar dhuine a dhiúltaíonn an leagan Béarla a shíniú i gcomhréir lena gcearta bunúsacha mar a sonraíodh sa Chúirt Uachtarach iad agus chun a chinntiú go mbeidh leagan Gaeilge den fhoirm ar fáil i gcónaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34920/15]
Amharc ar fhreagra