Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuilim tar éis scríobh chuig Airí éagsúla chun dul i mbun plé leo maidir le tionscnaimh pholasaí áirithe a bhfuil sé mar aidhm acu forbairt a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge. Cuimsíonn an cur chuige seo moltaí éagsúla atá déanta maidir leis an ábhar seo. Tá an méid seo a leanas san áireamh sna tionscnaimh pholasaí seo:
- Na céatadáin íosta do na painéil do dhátheangaigh fheidhmiúla a ardú ón íosmhéid de 6% i gcomórtais earcaíochta do ghráid neamh-speisialtóireachta. Is í an mhianaidhm an céatadán a ardú ar bhonn incriminteach go dtí 20% thar thréimhse ama, ag tosú le hardú go dtí 10% mar thús;
- Treisiú a dhéanamh ar an gcreatlach pleanála don fhórsa saothair do Ranna Rialtais trína gcuirtear iachall orthu mír ar leith a bheith sna pleananna gníomhaíochta don fhórsa saothair a shonraíonn na poist/réimsí oibre ina mbíonn gá le dátheangaigh fheidhmiúla le fócas ar leith ar an nGaeltacht.