Mar is eol don Teachta, is le Comhairle Contae na Gaillimhe cé Inis Oírr. Mar aon le cé an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin agus cé Chill Rónáin ar Árainn, tuigtear dom go raibh sé i gceist ag an gcomhairle contae tabhairt faoi obair fheabhsúcháin ar ché Inis Oírr. Ach mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch, ní raibh na hacmhainní ar fáil chun an obair a chur i gcrích. Tuigtear do mo Roinn go bhfuil cead pleanála faighte d’oibreacha ar ché Inis Oírr ó 2007 ach nach ndeachaigh an chomhairle contae ar aghaidh leis na hoibreacha de bharr nach raibh soláthar airgid ar fáil chuige sin.
Cé go raibh comhfhreagras idir mo Roinn agus an chomhairle contae maidir leis na forbairtí seo san am a caitheadh, ní raibh aon bhuiséad ar fáil do mo Roinn chun cuidiú leis an gcomhairle contae chun na hoibreacha seo ag cé Inis Oírr a chur i gcrích. Tuigtear dom, áfach, go bhfuil soláthar de €8 milliún curtha san áireamh anois don Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil d'fhorbairt ché Inis Oírr faoin gclár infheistíochta caipitil 2016 go dtí 2021 de chuid an Rialtais. Sa chomhthéacs sin, tá súil agam go mbeifear in ann bogadh ar aghaidh leis an obair ar ché Inis Oírr go luath.