Éamon Ó Cuív
Ceist:129. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cén uair a chuirfear ar fáil an tuarascáil a lorgaíodh ó údaráis an Gharda Síochána maidir le saincheisteanna oibríochta a ardaíodh i dtaca le cur i ngníomh Ionstraim Reachtúil Uimh. 398 de 2015, na Rialacháin fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2010 (Alt 13) (An Fhoirm Fhorordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis), 2015, arna síniú ina dlí le gairid ag an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt; an bhfuil baol ann idir an dá linn go dteipfidh ar chúiseanna a thógfar in aghaidh tiománaithe de bharr gan tairiscint ghníomhach de cháipéisí a bheith ar fáil i nGaeilge i ngach cás le linn don Ionstraim Reachtúil seo a bheith á feidhmiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40909/15]
Amharc ar fhreagra