Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim Cruatain Bradán

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 November 2015

Thursday, 19 November 2015

Ceisteanna (248)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

248. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ar íocadh aon chúiteamh le hiascaire (sonraí tugtha) faoin scéim cúitimh d’iascairí bradán sruth-líonta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40910/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Rinne Bord Iascaigh Mhara (BIM) an scéim cúitimh d’iascairí bradán a riaradh. Mar sin, tá na taifid maidir le daoine aonair ar bhain siad leas as an scéim á gcoimeád ag BIM agus ní ag mo Roinn-ne.

Tá oifigigh ó mo Roinn tar éis dul i dteagmháil le BIM ar an ábhar seo, agus socróidh mé go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht teagmháil díreach leis an duine a thagraíonn an Teachta dó.

Barr
Roinn