Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Feabhsú Céibheanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 November 2015

Thursday, 19 November 2015

Ceisteanna (270)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

270. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair atá sé i gceist ag an Aire Stáit Mc Hugh casadh le toscaireacht ó Inis Meáin chun an cheist maidir le forbairt Chéibh an Chalaidh Mhóir a phlé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40908/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar atá mínithe don Teachta i bhfreagraí ar roinnt ceisteanna Dála ar an ábhar seo, is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe Cé an Chalaidh Mhóir. É sin ráite, tá curtha in iúl agam go bhfuil mé sásta bualadh le toscaireacht ón oileán maidir leis an gcé ach dáta do chruinniú dá leithéid a aontú leo. Tá sé sin curtha in iúl agam d'ionadaithe Inis Meáin. Is ceart a rá arís nach bhfuil ciste ar fáil do mo Roinn chun tabhairt faoi fhorbairt ar an gcé seo.

Barr
Roinn