Tá Scéim Phobail Gaeilge á riar ag Foras na Gaeilge ón mbliain 2005 chun cabhrú le coistí deonacha an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail ar bhonn uile-oileáin. Bunaithe ar thorthaí phróisis chomhairliúcháin de chuid Fhoras na Gaeilge, cuireadh scéim leasaithe os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcomhair a faofa ar an 6 Samhain 2015. Is iad seo a leanas príomhghnéithe na Scéime Pobail Gaeilge athbhreithnithe a d’fhaomh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas chun teacht i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2016:
- aistriú ó scéim trí bliana go scéim ceithre bliana;
- comhdhlúthú ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus éascaíocht a dhéanamh do phobail nua leas a bhaint as an scéim tríd an líon deontaithe féideartha a mhéadú ón 19 ngrúpa reatha go huasmhéid 26 ghrúpa (méadú 37%);
- uasleibhéal deontais de €37,000 i mbliain 1 (ag ardú go €40,000 i mbliain 4), lena n-áirítear 80% de na costais a bhaineann le fostaíocht na n-oifigeach forbartha; agus
- fócas nua ar fhorbairt inbhuanaithe sna pobail féin a chuirfidh ar chumas grúpaí úinéireacht agus maoirseacht a choinneáil laistigh dá réimsí sprice féin agus a chinntiú go mbeidh torthaí buana mar thoradh ar an maoiniú.
Tá sé mar sprioc go mbeidh na hoifigigh forbartha a cheapfaidh na deontaithe faoin scéim úr ag cumasú grúpaí eile sna pobail le cur isteach ar scéimeanna éagsúla Fhoras na Gaeilge agus ag bunú gréasán éagsúil ar nós grúpaí siúil/rothaíochta/léitheoireachta, ciorcal comhrá, etc. Ar an mbonn sin, tacóidh an scéim nua le gréasáin sheasmhacha pobail a bhunú sa todhchaí chomh maith le freastal ar níos mó pobal ar bhonn níos leithne.
Tá sé beartaithe ag Foras na Gaeilge maoiniú de €4m a chur ar fáil don scéim nua thar thréimhse ceithre bliana. Tá mo Roinnse i mbun comhráití leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh agus le Foras na Gaeilge maidir le cur i bhfeidhm na scéime nua.