Cuirtear maoiniú bliantúil ar fáil faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne do na heagraíochtaí Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael Taca i gcathair Chorcaí, a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil ghnó. Tá os cionn €1.5m curtha ar fáil i ndeontais ag mo Roinn do na heagraíochtaí seo le linn na tréimhse ó 2011 go dáta. Cuireann Foras na Gaeilge cúnamh, comhairle agus maoiniú ar fáil don earnáil ghnó chun úsáid na Gaeilge a spreagadh trína fheachtas sainbhrandála Gnó Means Business agus faoina Scéim Tacaíochta Gnó agus faoin gciste tacaíochta Nuálachas san Earnáil Ghnó. Tá eolas maidir leis na tacaíochtaí seo le fáil ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge ag an nasc http://www.gaeilge.ie/gno-means-business/
Tá tionscnaimh ar leith á bhforbairt ag Foras na Gaeilge fosta chun dea-chleachtas a éascú san earnáil ghnó trí mholtaí agus réitigh phraiticiúla a chur ar fáil maidir le húsáid éifeachtach an dátheangachais i gcomhréir le dea-chleachtais idirnáisiúnta i leith mionteangacha. Chuige sin, tá treoirleabhar dírithe ar úsáid an dátheangachais ar chomharthaíocht (Comharthaíocht Dhátheangach – Treoir ar an gCleachtas
is Fearr) ar fáil ón bhForas agus táthar ag súil treoirleabhar nua ar dhea-chleachtais an dátheangachais ar phacáistíocht a fhoilsiú i mí Eanáir 2016. Ina theannta sin, tá scéim náisiúnta Q-Mharc Gnó le Gaeilge á hullmhú ag Foras na Gaeilge i láthair na huaire chun gnólachtaí a spreagadh agus a mhealladh le níos mó Gaeilge a úsáid.