Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 9 December 2015

Wednesday, 9 December 2015

Ceisteanna (81)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

81. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar theidlíochtaí faoin "Maolú Albanach" maidir le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil moill ar an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44300/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Sheol na daoine a ainmnítear iarratas ar Mhaolú Albanach ar aghaidh an 8 Bealtaine 2015 ach níor sheol siad iarratas ar Scéim Íocaíochta Aonair 2013 ar aghaidh. Faoi rialacha an AE a rialaíonn an Scéim Buníocaíochta, is gá na cásanna seo a phróiseáil faoin gCúlchiste Náisiúnta.

Cuirfear tús le híocaíochtaí a dhéanamh leis an ngrúpa seo d’fheirmeoirí maolaithe Albanaigh in Eanáir 2016.

Barr
Roinn