Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 January 2016

Thursday, 14 January 2016

Ceisteanna (164)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

164. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin scéim buníocaíochta agus faoi scéim na limistéar faoi shrianta nádúrtha don bhliain 2015 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1710/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Fuarthas iarratas faoin Scéim Buníocaíochtaí/Scéim na Limistéar faoi Shrian Nádúrtha 2015 ón duine a ainmnítear an 29 Bealtaine 2015. Fad a bhí an t-iarratas seo á phróiseáil, tháinig saincheist choimíneachtaí aníos maidir le ceann amháin de na dáileachtaí a dearbhaíodh. Tá an cheist seo á réiteach faoi láthair agus eiseofar an íocaíocht chomhardaithe don chuntas bainc a ainmnítear go tráthúil.

Tá próiseáil an Scéim na Limistéar faoi Shrian Nádúrtha curtha i gcrích le déanaí agus beidh íocaíocht a eisiúint go díreach chuig an gcuntas bainc ainmnithe an duine atá ainmnithe.

Barr
Roinn