Sheol an duine a ainmnítear iarratas ar leithdháileadh teidlíochtaí faoi ‘Maolú na hAlban’ an 8 Bealtaine 2015. Tá an t-iarratas seo á phróiseáil faoin gcatagóir ‘Maolú na hAlban’ (‘Scottish Derogation’) den Chúlchiste Náisiúnta.
Tá próiseáil iarratas ar an gCúlchiste Náisiúnta ar siúl faoi láthair. Tá seiceálacha riaracháin agus ar an bhfeirm agus sonraí talún a seoladh ar aghaidh faoin iarratas ar Scéim Buníocaíochta 2015 a fhíordheimhniú i gceist leis an bpróiseáil. Ceanglaítear go ndéantar na seiceálacha seo faoi Rialacháin an AE agus níor tugadh iad chun críche go fóill. Seolfaidh mo Roinn comhfhreagras go díreach go dtí an duine a ainmnítear a luaithe is féidir chun iad a chur ar an eolas ar thoradh a n-iarratais ag féachaint d’íocaíocht a dhéanamh go gairid ina dhiaidh sin.