Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Conarthaí Múinteoireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 January 2016

Wednesday, 27 January 2016

Ceisteanna (169)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

169. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach bhfuil tuarastal á íoc le múinteoir (sonraí tugtha) don tréimhse 27/8/15 go 17/11/15; céard a chaithfear a dhéanamh chun go n-íocfar an tuarastal don tréimhse sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3336/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Déanfar an tuarastal atá gan íoc don duine dá dtagraíonn an Teachta ó thús na scoilbhliana 01/09/2015 go dtí 16/11/2015 a eisiúint chuig an múinteoir ar 11/02/2016.

Barr
Roinn