Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Ceisteanna (305, 306)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

305. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe i scéim teanga nó ar aon bhealach eile mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5816/16]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

306. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilíonn baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5832/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhireacha 305 agus 306 le chéile.

Tá 3,136 comhalta foirne (coibhéis foirne lánaimseartha 2,981) fostaithe faoi láthair i mo Roinn agus sainaithníodh sé phost ina bhfuil inniúlacht Ghaeilge ina riachtanas buntábhachtach.  Tá cúig cinn de na poist siúd ag oifigigh faoi láthair a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu agus déanfar gach iarracht an post eile a líonadh laistigh den amfhráma is giorra agus is féidir, agus aird ar bheartas earcaíochta. Sainaithníodh na poist shainithe seo d’fhonn feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí i nGaeilge d’aon duine a lorgaíonn seirbhísí trí Ghaeilge.

Barr
Roinn