Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Ceisteanna (410, 411)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

410. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5818/16]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

411. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilíonn baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5834/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 410 agus 411 le chéile.

Tá 174 oifigeach fostaithe i mo Roinn. Táimid ag iarraidh beirt oifigeach nua a fháil a bhfuil acmhainn acu chun cabhrú leis an Roinn seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge d'aon duine a lorgaíonn í. Níl aon phost áirithe sa Roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis. Tá triúr fostaithe ar ball foirne a chabhraíonn lena gcomhgleacaithe i gcursaí Gaeilge ar bhonn deonach ó ham go chéile.

Barr
Roinn