Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Ceisteanna (613, 614)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

613. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5824/16]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

614. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilíonn baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5840/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimhr. 613 agus 614 a fhreagairt le chéile.

Faoi réir scéim teanga mo Roinnse, d’fhostaigh an Roinn Oifigeach Feidhmiúcháin le scileanna Gaeilge. Tá an t-oifigeach sin ag feidhmiú mar Oifigeach Gaeilge na Roinne. De bhreis air sin, mar chuid dár dtiomantas iomlán dár saoránaigh, tá beirt Oifigeach Cléireachais ón sruth Gaeilge de phainéal Oifigeach Cléireachais ceaptha le gairid againn in Oifigí na bPas in Áth Cliath agus i gCorcaigh.

Barr
Roinn