Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Ceisteanna (763)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

763. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilíonn baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5838/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mo Roinn tiomanta seirbhísí den scoth a sholáthar dá custaiméirí i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge. Cuireadh an triú Scéim Ghaeilge de chuid na Roinne, arna ullmhú de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i bhfeidhm ar 16 Meán Fómhair, 2013.

Réitíonn an scéim le prionsabail na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus déanann sé deimhin de go n-éascófar le daoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge leis an Roinn.

Cinntíonn an Roinn go bhfuil foireann atá inniúil ar an nGaeilge ar fáil d'fhonn a bheith in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith le seirbhís a sholáthar i mBéarla.

Má tá seirbhís trí Ghaeilge á iarraidh ag custaiméir agus nach bhfuil oifigeach áirithe in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge, cuirfear an custaméir i dteagmháil le h-oifigeach atá inniúil ar an nGaeilge chun teacht i gcabhair ar an gcustaiméir sin.

Cuireann an scéim leis an dul chun cinn atá bainte amach le linn an chéad dhá scéim foilisithe go dtí seo.

San triú Scéim, leagtar amach gealltanais thar ceann na Roinne agus thar cheann na fóirne chun cur leis na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair; aithnítear chomh maith réimsí áirithe a bhféadfaí feabhsú ó thaobh leibhéal na seirbhíse de a sholáthraíonn an Roinn trí mhéan na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn.

Tá cóip den scéim ar fáil ag http://www.environ.ie/sites/default/files/migrated-files/ga/Foilsiuchain/SeirbhisiCorparaideacha/SeirbhisdoChustaimeiri/FileDownLoad%2C20707%2Cga.pdf .

Barr
Roinn