Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Ceisteanna (791)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

791. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilíonn baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5835/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an Roinn tiomanta chun seirbhís i nGaeilge a sholáthar do chustaiméirí aon am a iarrtar í. Táthar tar éis cur lena hinniúlacht an tseirbhís seo a sholáthar le déanaí agus beirt bhall foirne le cumas Gaeilge acu earcaithe ag an Roinn. Tá sé mar ceann de na dualgais oifigiúla ag na baill foirne seo seirbhís i nGaeilge a soláthar d’aon duine a iarrann í.  

Barr
Roinn