Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 823 agus 824 le chéile.
Tá foireann 454 i mo Roinn faoi láthair. Tá Oifigeach Gaeilge amháin ann, ach níl aon phost eile a mheastar is gá Gaeilge chun an ról a urscaoileadh. Tá roinnt ball foirne líofa i scríobh agus labhairt na Gaeilge sa Roinn a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ar bhonn deonach amháin. Freagrófar as Gaeilge aon iarraidh nó aon chumarsáid a fhaightear i nGaeilge. Coimeádfaidh an Roinn an t-ábhar faoi hathbhreithniú lena chinntiú gur féidir léi leanúint ar aghaidh a cuid seirbhísí a sholáthar i nGaeilge nuair is gá é sin a dhéanamh.
There are currently 454 staff in my Department. There is one Irish Language Officer, but there are no other posts for which the Irish language is deemed necessary to discharge the duties of those posts. There are some staff in the Department who have written and oral fluency in the Irish language who provide a service through Irish on a voluntary basis alone. Any request or communication received in Irish will be answered in Irish. The Department will keep the matter under review to ensure that the Department is able to continue to provide its services through Irish when necessary."