Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Ceisteanna (847)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

847. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair atá sé i gceist aici tairisicintí a lorg do sheirbhís aeir go hÁrainn; an mbeidh roghanna sa tairisicint idir ingearáin (héileacaptair) agus eitleáin agus idir Aerfort na Gaillimhe agus Aerfort Chonamara; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5401/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Foilsíodh an Iarratas ar Thairiscint ar an láithreán gréasáin etenders ar 1 Aibreán 2016. San Iarratas ar Thairiscint sin, lorgaítear tairiscint ó sholáthraithe chun seirbhís aeir a chur ar fáil idir Aerfort Na Mine agus Oileáin Árann. Mar atá leagtha síos i Rialachán 1008/2008 de chuid an AE, faoina rialaítear na seirbhísí seo, tagraítear d’aerárthach amháin san Iarratas ar Thairiscint.

Barr
Roinn