Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 April 2016

Wednesday, 20 April 2016

Ceisteanna (402)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

402. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas atá déanta ag scoil i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo) faoin scéim oibreacha samhraidh do 2016; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7275/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I gcomhréir leis an leibhéal maoinithe atá ar fáil don Scéim Oibreacha Samhraidh, déantar iarratais a mheas ar bhonn ó bharr anuas de réir na gcritéar um beartú tosaíochta a leagtar amach i gCiorclán Rialaithe na Scéime. Tá an Ciorclán seo (0055/2015) ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne www.education.ie

Tá sé ar intinn agam liosta iarratasóirí a n-éireoidh leo a fhoilsiú in am trátha.

Barr
Roinn