Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 44 ar 8 Nollaig 2015 i dtaca leis an ábhar seo. Mar a thug mé le fíos sa fhreagra sin, rinneadh atbhreithniú neamhspleách ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta i rith na bliana 2015. Ba é príomhchuspóir an athbhreithnithe sin ná measúnú a dhéanamh ar an struchtúr agus an grádú ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí in Údarás na Gaeltachta ag féachaint do ról, d’fheidhmeanna, do bhuiséad agus do fhreagrachtaí na heagraíochta, i gcomparáid le heagraíochtaí eile sa tseirbhís phoiblí. Cuireadh san áireamh na feidhmeanna breise a tugadh don Údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012. Rinneadh an t-athbhreithniú i gcomhpháirtíocht leis an Údarás féin.
Tá cur i bhfeidhm mholtaí an athbhreithnithe pléite idir mo Roinnse agus an tÚdarás. Sa chomhthéacs sin, tuigim ón Údarás go bhfuil tús curtha acu le déanaí le cur i bhfeidhm na moltaí sin agus go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeidh moltaí na tuarascála curtha i bhfeidhm go hiomlán roimh dheireadh na bliana seo. Ar ndóigh, tuigfidh an Teachta go bhfuil an príomhchúram maidir leis an bpróiseas seo ar Phríomhfheidhmeannach agus ar Bhord an Údaráis.