Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 May 2016

Tuesday, 24 May 2016

Ceisteanna (382)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

382. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte aici ar dheontas le forbairt a dhéanamh ar chultúrlann Ghaeilge i dTamhlacht; cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; cén staid sa phróiseas ag a bhfuil sé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11168/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is mian liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil iarratas faighte ag mo Roinn ó Ghaelphobal Thamhlachta ar mhaoiniú chun ionad Gaeilge a fhorbairt. Ar an 11 Eanáir 2016, iarradh ar an iarratasóir eolas breise a chur ar fáil chun go mbeifear in ann an t-iarratas a mheas. Ní bhfuarthas aon fhreagra ón iarratasóir go fóill.

Barr
Roinn