Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 May 2016

Thursday, 26 May 2016

Ceisteanna (174)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

174. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é líon na státseirbhíseach atá lonnaithe in oifig na Roinne sna Forbacha i láthair na huaire; cad é an líon státseirbhíseach a bhí lonnaithe ann i mí Eanáir 2011; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12288/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigim go bhfuil 41 státseirbhíseach lonnaithe sna Forbacha i láthair na huaire. Bunaíodh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an 2 Meitheamh 2011 agus bhí 44 ball foirne lonnaithe sna Forbacha ag an am sin. Déantar athbhreithniú rialta ar an líon foirne i bhfianaise riachtanais ghnó a thagann chun cinn, mar a léirítear i bpróiseas pleanála mo Roinne don fhórsa oibre.

Barr
Roinn