Mar is eol don Teachta, tá spriocanna sonracha leagtha síos sa Chlár Rialtais maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht, lena n-áirítear cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta agus infheistíocht sa Ghaeilge a mhéadú.
Ar ndóigh, is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid an Údaráis ón Státchiste don bhliain 2017 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana.