Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 July 2016

Wednesday, 6 July 2016

Ceisteanna (243)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

243. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén líon státseirbhíseach atá earcaithe le bliain anuas in a Roinn a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu; cén grád ar a earcaíodh iad; cén líon iomlán státseirbhíseach a earcaíodh i rith an ama sin agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20441/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Beidh an Teachta ar an eolas gur aithníodh sé phost ina bhfuil gá le hinniúlacht sa Ghaeilge i mo Roinn. I measc na 83 earcach nua i mo Roinn le bliain anuas, earcaíodh Oifigeach Feidhmiúcháin amháin a bhfuil Gaeilge aige chun folúntais a líonadh. Tá gach post Gaeilge i mo Roinn líonta anois.

Barr
Roinn