Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 July 2016

Wednesday, 6 July 2016

Ceisteanna (251)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

251. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cén líon státseirbhíseach atá earcaithe le bliain anuas in a Roinn a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu; cén grád ar a earcaíodh iad; cén líon iomlán státseirbhíseach a earcaíodh i rith an ama sin agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20450/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Earcaíodh tríur státseirbhíseach a bhfuil Gaelige agus Béarla acu i mo Roinn le linn an dá mhí dhéag dheireannach; Oifigeach Feidhmiúcháin, Oifigeach Cléireachais agus Oifigeach Raidió Grád III. Earcaíodh daichead státseirbhíseach san iomlán le linn na tréimhse céanna i mo Roinn.

Barr
Roinn