Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 July 2016

Thursday, 7 July 2016

Ceisteanna (187)

Peadar Tóibín

Ceist:

187. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bheidh sonraí uile sheirbhís Aer Árann réitithe aici. [20158/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, rinneadh athbhreithniú sa bhliain 2014 ar riachtanas na seirbhíse aeir seo, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh. Cuireadh tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid mo Roinne a chlúdaigh an tréimhse ó 2003 go 2013. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar leibhéal agus ar threocht na gcostas don tseirbhís aeir agus ar an gcomhréireacht idir an oibleagáid seirbhíse poiblí agus riachtanais forbartha eacnamaíochta an réigiúin.

I measc nithe eile, léiríodh sa tuarascáil go raibh caiteachas bliantúil mo Roinne ar an tseirbhís aeir tar éis méadú faoi 136% le linn na tréimhse athbhreithnithe, cé gur fhan líon na bpaisinéirí a bhí á n-iompar mórán mar a chéile. Ar an mbunús sin, dúradh sa tuarascáil go raibh sé riachtanach breathnú ar roghanna éagsúla chun luach níos fearr a fháil ar airgead don Státchiste.

Is sa chomhthéacs sin a d'ullmhaigh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, an t-Iarratas ar Thairiscintí atá faoi chaibidil. Ar ndóigh, thug mo Roinn faoin obair seo in 2015 chomh maith ach, de bharr éiginnteacht faoi stádas infhaighteachta Aerfort na Gaillimhe do thréimhse an chonartha, cuireadh deireadh leis an bpróiseas áirithe sin.

Sa phróiseas tairisceana atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair, is é Aerfort na Mine amháin atá luaite mar phointe imeachta ar an mórthír. Tá mo Roinn, i láthair na huaire, ag iarraidh teacht ar chomhaontú le bainistíocht na saoráidí sin a chuimseoidh rochtain ar na saoráidí mar aon leis an leibhéal táillí a bheidh iníoctha. Ní mór do mo Roinnse, ar ndóigh, na rialacha maidir le tras-fhóirdheonú agus stát-chabhair a shásamh sa phróiseas seo uile.

Tá spriocdháta de 15 Iúil 2016 leagtha síos chun tairiscintí bheith faighte don tseirbhís aeir. Ar ndóigh, murar féidir teacht ar chomhaontú le húinéir Aerfort na Mine roimh an spriocdháta sin, ní bheidh ar chumas mo Roinnse dul ar aghaidh leis an próiseas tairisceana.

Barr
Roinn