Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 October 2016

Tuesday, 4 October 2016

Ceisteanna (345)

Pearse Doherty

Ceist:

345. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an gcuirfear níos mó cuidiú airgid ar fáil mar chuid de scéim na gcúntóirí teanga i bhfianaise na scoileanna breise atá ag glacadh páirte ann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28203/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bunaíodh Scéim na gCúntóirí Teanga in 1999 ar bhonn píolótach chun an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta agus iompar teanga scoláirí scoile a chur i dtreo na Gaeilge. Tá infheistíocht shuntasach déanta ag mo Roinn sa scéim seo ó shin i leith.

Tá deontas gur fiú €718,578 in iomlán ceadaithe agam do Mhuintearas Teo agus d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne don scoilbhliain 2016/17 le cumasú dóibh beartais na scéime a chur i bhfeidhm thar ceann mo Roinne.

I bhfianaise na n-éileamh breise ar an scéim agus an imní atá léirithe faoi chostais riaracháin, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne an cás a phlé le hÚdarás na Gaeltachta. Déanfaidh mé an cheist a mheas tuilleadh nuair a bheidh torthaí an phróisis sin ar fáil.

Barr
Roinn