Sa bhliain 2015, rinne Comhchoiste an Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le bunú coimisiúin toghcháin a chur i gcrích ar bhonn páipéar comhairliúcháin a d’ullmhaigh mo Roinnse agus tar éis don Aire a bhí ann an tráth sin iarraidh ar an gComhchoiste déanamh amhlaidh. D’fhoilsigh an Coiste tuarascáil faoin gcomhairliúchán i mí Eanáir 2016. Sa tuarascáil sin, tá sraith moltaí ann maidir le bunú coimisiúin toghcháin, lena n-áirítear moltaí maidir le feidhmeanna ar ceart iad a shannadh don choimisiún, maidir le comhaltas, maidir le sásraí cuntasachta agus maidir le próiseas bunaithe an choimisiúin. Bainfear leas as an eolas atá le fáil sa tuarascáil sin nuair a bheidh an tiomantas atá i gClár don Rialtas Comhpháirtíochta maidir le coimisiún toghcháin a bhunú á chur i bhfeidhm. Faoi láthair, nílim in ann léiriú a thabhairt ar an amlíne i ndáil le coimisiún toghcháin a bhunú, ar coimisiún é a dhéanfaidh athrú bunúsach ar an tslí ina mbainistítear agus ina riartar toghcháin agus beidh gá le mionbhreithniú agus mionanailís ina leith sula rithfear reachtaíocht chun é a bhunú; ach tá breithniú á dhéanamh ar an ábhar seo i mo Roinn faoi láthair.