Nuair a eisítear pasanna ar shaoránaigh a rugadh lasmuigh d'Éirinn, úsáidtear cód trí litir chun an tír inar rugadh an duine a léiriú. An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a shocraíonn na cóid sin. Cloíonn Éire le treoirlínte an ICAO chun inghlacthacht pasanna Éireannacha ag calafoirt iontrála a chinntiú. Is cóid chineálacha iad seo le gur féidir le seirbhísí náisiúnta pasanna na cóid chéanna a úsáid go comhsheasmhach. USA an cód do na Stáit Aontaithe. Níl na cóid seo beartaithe a bheith aistrithe nó curtha in oiriúint d'aon teanga faoi leith. Ní féidir lenár gcóras leagan leasaithe, nó leagan eile, de na cóid seo a thaifeadadh.