Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 October 2016

Wednesday, 12 October 2016

Ceisteanna (48)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

48. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aici a iarraidh ar Chomhairle Contae na Gaillimhe dul ar aghaidh leis an bpleanáil ar na hoibreacha breise a theastaíonn ag Cé an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29995/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe Cé an Chaladh Mhóir. Cé nach bhfuil acmhainní ag mo Roinnse i láthair na huaire chun oibreacha a chuir chun cinn ag an gcé sin, tá iarrtha agam ar mo chuid oifigigh an cheist maidir le réamh-phleanáil don togra a phlé leis an gComhairle Contae.

Ní miste dom a lua gur thug mé cead le déanaí an soláthar €6m a bhí ar fáil do mo Roinnse i mbliana ar mhaithe leis an togra muiroibreacha atá beartaithe d'Inis Oírr a thairiscint do Chomhairle Contae na Gaillimhe d’fhonn réiteach fad-théarmach a fháil ar an bhfadhb stairiúil a bhain le caiteachas breise suntasach a bhí ag seasamh amach i ndáil leis an obair fheabhsúcháin a rinneadh ar chéanna ar Inis Meáin agus ar Árainn le cabhair deontais ó mo Roinn roinnt blianta siar.

Bhí ar mo chumas an chéim sin a ghlacadh nuair ba léir nach mbeadh an tsuim €6m iníoctha i mbliana do thogra Inis Oírr. Táthar ag súil anois go lorgófar tairiscintí don obair thógála ag Inis Oírr in 2017 agus tá soláthar €2m déanta agam sna Meastacháin chuige sin, figiúr a mheastar a bheidh dóthaineach don bhliain seo chugainn.

Barr
Roinn