Molaim Ceisteanna Uimh. 116 go 118, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Níl sprioc ná cuóta sonrach leagtha síos ag mo Roinn maidir leis an líon daoine atá in ann feidhmiú i nGaeilge, agus níl aon fhoráil shonrach sa reachtaíocht maidir le sprioc den sórt sin. Cuireann 54 ball foirne i mo Roinn a gcuid dualgas laethúil i gcrích trí Ghaeilge. Tá baill foirne eile cumasach sa Ghaeilge freisin agus, go deimhin, i gcásanna áirithe is Gaeilgeoirí líofa iad. Anuas ar na poist i mo Roinn féin, tá sé ball foirne ar iasacht freisin in Oifig an Choimisinéara Teanga faoi láthair.
Is é polasaí mo Roinne úsáid na Gaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus í a neartú sa Ghaeltacht chomh maith. Tá sé mar aidhm agam mar Aire a chinntiú go bhfuil líon dóthanach d’fhoireann mo Roinne lánábalta feidhmiú i nGaeilge. Chuige sin, tacaíonn mo Roinn leis an bhfoireann, ar bhonn leanúnach, chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge ag gach leibhéal inniúlachta. Mar shampla, tugtar suntas ar leith i mo Roinnse don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, ar clár páirtaimseartha é a chuireann Gaelchultúr ar fáil chun cabhrú le fostaithe san earnáil phoiblí leibhéal níos airde seirbhíse a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge.