Peadar Tóibín
Ceist:77. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30071/16]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016
77. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30071/16]
Amharc ar fhreagra78. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30086/16]
Amharc ar fhreagra79. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30101/16]
Amharc ar fhreagraMolaim Ceisteanna Uimh. 77 go 79, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Tá thart ar 18 ball foirne faoi láthair i mo Roinn atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus is féidir na baill seo a dhíriú chuig réimsí oibre faoi leith ina bhfuil gá le Gaeilge nuair is gá. Leanfaidh mo Roinn ag soláthar deiseanna do bhaill foirne a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú trí oiliúint teanga ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil.
Mar chuid dá phleanáil d'fhórsa saothair, rinne mo Roinn imscrúdú ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach. Dearbhaíodh nach raibh aon phost den chineál seo sa Roinn ag an am agus, mar sin, níl aon chuóta faoi leith le haghaidh daoine a bhfuil cumas feidhmiúil acu sa Ghaeilge a earcú. Mar chuid de phleanáil leanúnach d’fhórsa saothair, déanfar monatóireacht agus athbhreithniú rialta ar na cúinsí.