Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cistiúchán Roinne

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 October 2016

Thursday, 20 October 2016

Ceisteanna (3)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

3. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén laghdú atá tagtha ar an Meastachán don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin le haghaidh 2017 le hais 2016; cad é an fáth atá leis an laghdú seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31238/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (13 píosaí cainte)

Mar is eol don Aire Stáit, tá laghdú €4.47 milliún ar an airgead a bheidh ar fáil aige an bhliain seo chugainn. Tá ráiteas soiléir sa chomhaontú muiníne agus soláthair idir Fianna Fáil agus Fine Gael agus, chomh maith leis sin, i gclár an Rialtais go mbeidh airgead breise ar fáil do chúrsaí Gaeilge. Clúdaíonn sé sin cúrsaí Gaeltachta. An bhféadfadh an tAire Stáit a mhíniú cén chaoi ar tharla sé nach méadú a bheidh i gceist an bhliain seo chugainn ach laghdú atá thar a bheith suntasach?

Tá suim bhreise de €2.25 milliún san iomlán curtha ar fáil i mbuiséad 2017 do chlár Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda mo Roinne.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, bhí €1 milliún breise i maoiniú caipitil aonuaire faighte mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016. Tá sé seo coinnithe don bhliain seo chugainn, rud a chiallaíonn gurb é €6.687 milliún an bunlíne nua caipitil i mbuiséad 2017 d’Údarás na Gaeltachta, €1 milliún níos airde ná an bunlíne i mbuiséad 2016. Anuas air sin, tá allúntas breise de €2.4 milliún i gcaipiteal á chur ar fáil agam don údarás in 2016. Leanfaidh mé orm ag lorg mhaoiniú caipitil breise don údarás sa tréimhse amach romhainn.

Maidir le caiteachas reatha de, cuirfidh an tsuim bhreise de €1.25 milliún a bheidh ar fáil don Ghaeilge agus Ghaeltacht faoi bhuiséad 2017 ar chumas mo Roinne tuilleadh acmhainní a chur i dtreo na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, an próiseas pleanála teanga, na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ar nós scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus na grúpaí pobail atá á maoiniú ag Údarás na Gaeltachta.

Sna Meastacháin do 2017, a d’fhoilsigh an tAire Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe le deireanas, tá leithdháileadh de €46.736 milliún ina iomláine don chlár Gaeilge, Gaeltachta agus oileán i gcomparáid le €51.21 milliún do 2016. Den chuid is mó, baineann an difríocht sa dá fhigiúr le laghdú ar an leithdháileadh caipitil le haghaidh 2017. Bhí leithdháileadh de €6 milliún ar fáil in 2016 d’oibreacha forbartha ar ché Inis Oírr - nach raibh réidh le tosú i mbliana - ach is suim €2 milliún atá curtha ar fáil do 2017. Táim sásta gur leor an leithdháileadh sin chun an tionscadal a bhrú ar aghaidh in 2017 agus, ar ndóigh, beidh leithdháileadh eile ar fáil don tionscadal in 2018. Chomh maith leis sin, bhí soláthar caipitil de €1.9 milliún curtha ar fáil i Meastacháin 2016 chun ionad chultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc a fhorbairt. Beidh an togra sin críochnaithe i mbliana agus níl gá le soláthar a dhéanamh ina leith in 2017.

An bhféadfadh an tAire Stáit deimhniú dom, ag fágáil as an €1 milliún breise d'Údarás na Gaeltachta, go bhfuil laghdú de €5.9 milliún ar leithdháileadh caipitil na Roinne don bhliain seo chugainn? An bhféadfadh sé dearbhú mar sin nach bhfuil i gceist aige scéimeanna feabhsúcháin Gaeltachta agus oileánda ar oileáin agus ar an mórthír ar nós scéimeanna bóithre nó scéimeanna athnuachana na mbailte a chur ar ais? An bhféadfadh sé dearbhú nach bhfuil i gceist aige brú ar aghaidh le forbairt na cé in Inis Meáin agus nach bhfuil aon sholáthar déanta dó, cé gur rud é atá ag teastáil go práinneach, mar is eol don Aire Stáit, agus a bheadh i líne leis an méid a dúirt sé liom i bhfreagra cheist Dála?

Maidir le caiteachas reatha, an bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú an bhfuil an ceart agam nach bhfuil aon sholáthar déanta do haird a thabhairt do na mná tí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge an bhliain seo chugainn?

Ó thaobh ché an Chalaidh Mhóir de, táim oscailte don fhorbairt chun céim a trí a bhrú ar aghaidh agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chuige ón am seo amach. Beidh cruinniú agam le muintir ó Inis Meáin i gceann coicíse chun é seo a phlé le na feidhmeannaigh sa Roinn agus sa chomhairle contae. Ag an am seo an bhliain seo caite, ní raibh airgead ar fáil againn sa Rialtas do ché Inis Oírr. Ní raibh sean-fhiacha de Chomhairle Contae na Gaillimhe réitithe idir an chomhairle contae agus mo Roinn. Tá an t-airgead sin faighte agam anois. Fuaireamar €6 milliún an bhliain seo caite don togra tábhachtach do Inis Oírr. Tá mé sásta go mbeidh an togra sin ag dul ar aghaidh an bhliain seo chugainn. Tá sean-fhiacha Chomhairle Contae na Gaillimhe réitithe anois againn leis an €6 milliún. Bhí an fhadhb sin againn ar feadh blianta ó 2010. Tá sé sin socraithe anois againn. Is céim mhór é sin in airgead caipitil do thograí agus rudaí mar sin ar na hoileáin.

Mar is eol don Aire Stáit, gealladh go mbeadh airgead mór ar fáil do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Níl sé ann. Tá airgead an-bheag i gceist ó thaobh chúrsaí reatha de. Tá €1.4 milliún breise ann. An tuiscint atá agam ón méid a dúirt an tAire Stáit liom go dtí seo ná, in ainneoin an rud a dúirt sé le gairid liom i gceist Dála, go mbeidh sé in ann brú ar aghaidh le céibh Inis Oírr. Molaim é sin. Molaim, go deimhin, an chaoi a chaith an tAire Stáit an t-airgead i mbliana. Ceapaim go ndearna sé i gceart é, ach caithfimid a bheith ag breathnú romhainn.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit scéimeanna feabhais don Ghaeltacht agus do na hoileáin go ginearálta a chur chun cinn, taobh amuigh do na tograí móra? Agus é chomh gann ar airgead reatha do na pobail, mar shampla na bainisteoirí comharchumainn, cén fáth an bhfuil an Roinn ag tabhairt airgid do RTE, a bhfuil dualgas reachtúil air i leith na Gaeilge, agus €150 milliún d'airgead an cháiníocóra le plean Gaeilge a chur chun cinn? B'fhéidir go bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt ar an gceist sin ina fhreagra freisin.

Nílim freagrach as RTE. Is ceist é sin don Aire.

An rud a deireann sé anseo ná "RTE's Irish language action plan". Tá €250,000 roinnte idir ceithre rud faoi Straitéis 20 Bliain do Ghaeilge agus is é sin ceann dóibh. Ceann de na rudaí a deireann sé ná-----

Is ceist é sin don Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Teachta Denis Naughten.

Tagann sé seo ó ráiteas an Aire Stáit féin a d'eisigh sé ar 12 Deireadh Fómhair 2016 agus-----

An tAire Stáit. Tá an t-am thart.

-----tuigtear dom go dtiocfadh cuid den €250,000 le haghaidh RTE's Irish language action plan.

Chas feidhmeannaigh ó RTE leis an Aire, an Teachta Denis Naughten, coicís ó shin chun cúrsaí buiséid a phlé i mo Roinn eile, an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Táimid ag fanacht ar phleananna do chúrsaí Gaeltachta agus pleananna atá acu. B'fhéidir go bhféadfadh muid breis airgid a dháileadh ón Roinn sin.

Ó thaobh an bhuiséid reatha, tá sé pléite againn le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go mbeidh an t-údaras in ann cuid den airgead reatha breise atá curtha ar fáil a fháil. Táim ag fanacht ar mholadh ó Údarás na Gaeltachta maidir leis sin. Bheadh siad in ann é sin a úsáid do na heagraíochtaí Gaeltachta agus oileán ar fud na tíre. Chas mé le hÚdarás na Gaeltachta roimh an mbuiséad. Tá a fhios agam go bhfuil an tÚdarás faoi bhrú. Tá sé pléite agam leis an bpríomhfheidhmeannach chun na hacmhainní sin a chur ar fáil dó.

Barr
Roinn