Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 October 2016

Thursday, 20 October 2016

Ceisteanna (32, 40)

Aindrias Moynihan

Ceist:

32. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil a Roinn ag athnuachan seanscéimeanna trí na gnéithe is dúshlánaí a bhaint agus, mar sin, an bhfuil a Roinn ag simpliú na seanscéimeanna sin. [31144/16]

Amharc ar fhreagra

Aindrias Moynihan

Ceist:

40. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéid scéim Gaeilge atá comhaontaithe ag a Roinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 le heagraíochtaí éagsúla go dtí seo i mbliana agus cé mhéid scéim Gaeilge atá fós le hathnuachan. [31145/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Táim chun Ceisteanna Uimh. 32 agus 40 a thógáil le chéile.

Tá próiseas leanúnach ar siúl faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun líon agus caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil a fheabhsú. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla.

Ag díriú go sonrach ar athnuachan na scéimeanna teanga, tá mo Roinn lán-tiomanta na gealltanais a neartú agus a láidriú sna scéimeanna teanga chun na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a fheabhsú. Ar ndóigh, tá sé aitheanta go bhfuil dúshláin ag baint leis an phróiseas chun scéimeanna teanga a aontú, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú fós ar acmhainní.

Maidir le haontú scéimeanna teanga atá faoin Acht, is fúmsa, mar Aire, atá sé scéimeanna teanga a dhaingniú le comhlachtaí poiblí. Go dáta i mbliana, tá 15 scéim teanga daingnithe agus ina iomlán tá 115 scéim teanga i bhfeidhm, a chlúdaíonn 118 comhlacht poiblí. Clúdaíonn na scéimeanna teanga sin mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn plé idirghníomhach ag an phobal leo ar bhonn rialta, lena n-áirítear ranna agus oifigí Stáit, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus comhlachtaí poiblí eile nach iad.

Tá plé gníomhach ar siúl le tuairim is 126 comhlacht poibli faoi láthair chun scéimeanna teanga a aontú leo – ina measc siúd tá 60 comhlacht a bhfuil scéim le hathnuachan acu. Ar ndóigh, fanann scéim teanga i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go dtí go ndéantar athnuachan air, cibé acu is déanaí.

Barr
Roinn