Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Clár Tacaíochta Teaghlaigh

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 October 2016

Thursday, 20 October 2016

Ceisteanna (44)

Peadar Tóibín

Ceist:

44. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad airgid atá á chaitheamh ag an Rialtas ar sheirbhísí tacaíochta le haghaidh teaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. [31132/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá beagnach €60m curtha ar fáil sna Meastacháin 2016 do mo Roinn don chlár Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, maoiniú don bhForas Teanga san áireamh. Is féidir leis an Teachta glacadh leis go bhfuil mo Roinnse ag obair ar bhonn leanúnach, taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil, chun gach tacaíocht agus is féidir a chur ar fáil chun an Ghaeilge chur chun cinn, tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht san áireamh.

Tríd an mhaoiniú díreach a thagann ó mo Roinne, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú bliantúil ar fáil do Ghlór na nGael, atá ceaptha mar cheanneagraíocht náisiúnta chun a chinntiú go bhfuil tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh ar fud na tíre atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Tuigtear dom go bhfuil allúntas de €1,089,510 ceadaithe do Ghlór na nGael sa bhliain 2016.

Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú bliantúil ar fáil do Ghaeloideachas freisin - nó Gaelscoileanna mar ab fhearr aithne uirthi roimhe seo - atá ceaptha mar cheanneagra í ocht náisiúnta le freagracht i ndáil le tumoideachas, gaeloideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Tuigtear dom go bhfuil allúntas de €715,719 ceadaithe do Ghaeloideachas i mbliana.

Mar is eol don Teachta, tá ról reachtúil ag Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann. Tá iliomad oibre idir lámha aige ar bhonn leanúnach a thacaíonn le tógáil clainne le Gaeilge, cé nach féidir briseadh síos airgeadúil a thabhairt ar gach gné den obair sin. Tuigtear dom, mar shampla, go bhfuil Foras na Gaeilge ag obair leis na páirtithe leasmhara cuí ag dréachtú I dTreo Plean Straitéiseach don Ghaeilge mar Theanga Chlainne agus gur ceadaíodh luach €122,866.43 do Scéim na gCampaí Samhraidh, mar aon le €120,630.07 do Scéim na nImeachtaí Óige, in 2016.

Anuas air seo, tá tacaíocht ar fáil ó mo Roinn féin agus ó Fhoras na Gaeilge chun cabhrú leis an aos óg trí thionscnaimh ar leith, ar nós scéim TechSpace as Gaeilge, Raidió Rí-Rá, An Cumann Scoildrámaíochta, Scéim na dTionscadail Litríochta, an Ciste Réamhscolaíochta, Scéim na Foilsitheoireachta agus ar eile.

Is fiú tagairt a dhéanamh chomh maith don tionscnamh faoi leith ar chuir mo Roinnse tús leis in 2012 faoina gcuirtear pacáiste teanga ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uatha é sin a dhéanamh. Cé go bhfuil an tionscnamh seo dírithe ar theaghlaigh na Gaeltachta, tá ráchairt suntasach ar an bpacáiste ó theaghlaigh lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. Ó cuireadh tús leis an tionscnamh, tá breis agus 4,800 pacáiste dáilte - idir theaghlaigh laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht - ar chostas beagnach €159,000.

Tá tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna seo ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne ag www.ahrrga.gov.ie agus ar shuíomh Fhoras na Gaeilge ag www.forasnagaeilge.ie.

Barr
Roinn