Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 27 October 2016

Thursday, 27 October 2016

Ceisteanna (114)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

114. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil cúnamh ar fáil le ranganna Gaeilge a chur ar siúl in áit (sonraí tugtha); má tá, cén eagraíocht ar cheart teagmháil a dhéanamh léi faoi seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32054/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá cuid de na bailte fearainn sa Thoghroinn Cheantair atá luaite ag an Teachta laistigh den Ghaeltacht. Sa chás sin, is féidir go mbeadh cúnamh nó comhairle ar fáil ó Údarás na Gaeltachta, a bhfuil scéim ar leith acu chun tacú le heagraíochtaí agus le coistí i ndáil le ranganna Gaeilge a eagrú sa Ghaeltacht.

Más ranganna lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta atá i gceist, is féidir go mbeadh cúnamh nó comhairle ar fail ó Fhoras na Gaeilge agus ó na ceanneagraíochtaí cuí faoina scáth, eadhon, Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus Glór na nGael.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí thuasluaite ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas: Údarás na Gaeltachta, www.udarasnagaeltachta.ie; Foras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie; Conradh na Gaeilge, www.cnag.ie; Gael-Linn, www.gael-linn.ie; Glór na nGael, www.glornangael.ie.

Barr
Roinn