Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 January 2017

Tuesday, 17 January 2017

Ceisteanna (760, 761, 762)

Peadar Tóibín

Ceist:

760. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén dáta a cuireadh an tuarascáil ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2015, faoi bhráid na Roinne. [41688/16]

Amharc ar fhreagra

Peadar Tóibín

Ceist:

761. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i dtaca leis an ngealltanas a tugadh sa phacáiste eolais ón Aire, chomh maith leis an bhfreagra ar Cheist Pharlaiminte Uimhir 325 an 11 Deireadh Fómhair 2016, cathain go díreach a bheidh an Roinn réidh leis an scrúdú atá á dhéanamh ar an tuarascáil a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2015 ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; agus an féidir léi dáta a foilsithe a shonrú. [41689/16]

Amharc ar fhreagra

Peadar Tóibín

Ceist:

762. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a fhoilseofar na príomh-thosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh, mar a aithníodh i dtuarascáil a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2015; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41690/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 760, 761 agus 762 le chéile.

Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 bunchloch pholasaí an Rialtais maidir leis an nGaeilge.  Ós rud é go raibh an Straitéis cúig bliana ar an bhfód ag deireadh 2015, eagraíodh díospóireacht oscailte ina leith ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don chúig bliana amach romhainn.  Mar chuid den phróiseas sin, reáchtáladh sraith cruinnithe poiblí ag an am agus lorgaíodh aighneachtaí scríofa ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara araon.

Ar mhaithe le tacú leis an bpróiseas, ceapadh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, chun tuairisc a chur i dtoll a chéile ina ndéanfaí coimriú ar thátal na gcruinnithe agus rianú ar na príomhthosaíochtaí straitéiseacha do na blianta amach romhainn. Chuir an tAcadamh dréacht-thuairisc faoi bhráid mo Roinne ag deireadh Meithimh 2016. Tá an tuairisc seo á breithniú i dtreo í a chur ar aghaidh go gairid chuig an Coiste Comhairleach a ceapadh ag tús 2014 le comhairle a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise. Agus moltaí an Choiste Chomhairligh a bheith faighte agam, bheadh sé i gceist agam tabhairt faoi na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse chúig bliana a fhoilsiú go luath.

Barr
Roinn