Tuigtear dom nach bhfuil aon iarratas foirmeálta ar láimh ag mo Roinn nó ag Foras na Gaeilge ar chúnamh aonuaire ón bhfoilseachán ‘An Timire’.
Mar is eol don Teachta, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil i leith foilseachán i gcomhréir lena ról reachtúil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go raibh maoiniú bliantúil á chur ar fáil don bhfoilseachán 'An Timire' suas go dtí Meitheamh 2015 nuair a tháinig straitéis nua léitheoireachta i bhfeidhm. Is í sprioc na straitéise nua pobal léitheoireachta Gaeilge a spreagadh mar aon leis an luach airgid is fearr a chinntiú. Chuige sin, cuirtear ábhar léitheoireachta ar fáil saor in aisce ar líne, nuachtán seachtainiúil (Tuairisc.ie), iris stíl mhaireachtála (Nos.ie) agus foilseachán liteartha (Comhar) san áireamh.