Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 February 2017

Tuesday, 14 February 2017

Ceisteanna (547)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

547. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim GLAS le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6650/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ceadaíodh an duine ainmnithe isteach in GLAS 2 agus an 1 Eanáir 2016 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh.

Le linn phróiseas seiceála na réamhíocaíochta in 2016, tugadh fadhb ar aird i ndáil leis an mbeart Coimíneachta.  Tá oifigigh de chuid na Roinne ar a ndícheall chun an fhadhb seo a réiteach le súil is gur féidir tuilleadh próiseála a dhéanamh ar an iarratas d'íocaíocht 2016 chomh luath agus is féidir. 

 

Barr
Roinn