Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 February 2017

Tuesday, 14 February 2017

Ceisteanna (549)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

549. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Talmhaíochta, Bia agus Mara Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim GLAS do 2015 agus 2016 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6652/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ceadaíodh an duine ainmnithe isteach in GLAS 1 agus an 1 Deireadh Fómhair 2015 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh. Tá céad íocaíocht teidlíochta 85% faighte ag an té sin i leith na bliana scéime 2015. 

Le linn phróiseas seiceála na réamhíocaíochta comhardaithe, tugadh fadhbanna ar aird i ndáil le cros-seiceáil le bunachair sonraí eile de chuid na Roinne agus i ndáil leis an mbeart Coimíneachta.  Tá oifigigh de chuid na Roinne ar a ndícheall chun an fhadhb seo a réiteach le súil is gur féidir tuilleadh próiseála a dhéanamh ar an iarratas d'íocaíocht chomhardaithe 2015 chomh luath agus is féidir. 

Tar éis íocaíocht a dhéanamh i leith na bliana scéime 2015, déanfar iarratas an té ainmnithe a phróiseáil i leith na bliana scéime 2016.

Barr
Roinn