Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Feachtais Turasóireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2017

Tuesday, 21 February 2017

Ceisteanna (351)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

351. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cé mhéid cuairteoir a thug cuairt ar Theach an Phiarsaigh, Ros Muc, i 2016; cad iad na pleananna atá ann lena chinntiú go dtiocfaidh méadú ar an bhfigiúr seo trí fhógraí bóthair, fógraíocht srl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8135/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

San iomlán thug 17,834 duine cuairt ar an suíomh i Ros Muc sa bhliain 2016.

Tá pleananna á bhforbairt faoi láthair ag Oifig na nOibreacha Poiblí, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann d’fheachtas comhtháite margaíochta d’Ionad Cuairteoirí nua Theachín an Phiarsaigh. Tabharfaidh seo faoi cheisteanna maidir le heolas do chuairteoirí chun go mbeidh siad níos mó ar an eolas faoi na háiseanna nua lena n-áirítear comharthaíocht áitiúil, láithreacht ar líne, foilseacháin eolais, agus a bheith i láthair ag ócáidí margaíochta idirnáisiúnta. Chomh maith le sin d’ainmnigh Fáilte Éireann an suíomh mar Ionad Aimsithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Barr
Roinn