Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimhir 346 agus 347a thógáil le chéile.
Bailíonn mo Roinn eolas go ráithiúil ar líon na bhfoirne sna húdaráis áitiúla. Ní soláthraíonn an t-eolas sin mionsonraí maidir le hoifigigh Gaeilge atá fostaithe sna húdaráis áitiúla ar fud na tíre. Mar sin de, níl an t-eolas iarrtha maidir le líon na n-oifigeach, cá bhfuil siad nó an costas airgeadais a bhaineann leo ar fáil i mo Roinnse.
De réir alt 159 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, tá gach príomhfheidhmeannach freagrach as na socruithe foirne agus eagraíochtúla atá riachtanach le haghaidh feidhmeanna an údaráis áitiúil ata faoin a chúram nó a cúram a chur i gcrích.