Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 February 2017

Tuesday, 28 February 2017

Ceisteanna (505)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

505. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist an ráta laethúil a íoctar le teaghlaigh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a ardú i mbliana; cén uair atá sé i gceist aici a rá go deimhnitheach an bhfuil an ráta le hardú nó nach bhfuil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10473/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an cheist maidir leis an ráta deontais a íocfar le teaghlaigh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2017 á breithniú agam faoi láthair i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Táthar ag súil le cinneadh ina taobh a fhógairt go luath.

Le cúinsí airgid mar a bhí le roinnt blianta, tá mé sásta a rá go raibh ar chumas mo Roinne an deontas a íoctar le teaghlaigh a choinneáil ag an ráta céanna le cúpla bliain anuas. Is fiú a nótáil chomh maith go bhfuil aon airgead a shaothraíonn teaghlaigh faoin scéim saor ó cháin agus nach gcuirtear san áireamh é ach oiread agus iarratais ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí á meas.

Barr
Roinn