Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 1 March 2017

Wednesday, 1 March 2017

Ceisteanna (238)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

238. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aici deontas a cheadú d’iris (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10765/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a chuir mé in iúl i mo fhreagra ar cheist Dála 779 ar 17 Eanáir 2017, tuigtear dom nach bhfuil aon iarratas foirmeálta ar láimh ag mo Roinn nó ag Foras na Gaeilge ar chúnamh deontais don bhfoilseachán ‘An Timire’. Baineann saincheisteanna maidir le hirisí Gaeilge le gnóthaí oibríochtúla Fhoras na Gaeilge agus níl ról sonrach agam féin mar Aire ina leith. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil i leith foilseachán i gcomhréir lena ról reachtúil chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus, sa chomhthéacs sin, bhí siad ag cur maoiniú bliantúil ar fáil don bhfoilseachán 'An Timire' suas go dtí Meitheamh 2015 nuair a tháinig straitéis nua léitheoireachta na heagraíochta i bhfeidhm.

Barr
Roinn