Ceadaíodh an duine ainmnithe isteach in GLAS 1 agus an 1 Deireadh Fómhair an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh. Tá teidlíochtaí iomlána faighte ag an té sin i leith na bliana scéime 2015.
Le linn phróiseas seiceála na réamhíocaíochta in 2016, tugadh ar aird fadhb a bhain leis an mbeart Coimíneachta. Tá scrúdú déanta ag oifigigh na Roinne ar an bhfadhb agus tá sé tugtha ar aird acu nach bhfuil na Pleananna Eatramhacha Bainistíochta Coimíneachta (CMPanna) ar fad atá de dhíth maidir le roinnt de choimíneachtaí an té atá ainmnithe ná an Plean Eatramhach Feirme Coimíneachta curtha ar aghaidh fós. Ar na foirmeacha comhlíonta maidir leis na Pleananna Eatramhacha Coimíneachta a fháil déanfar iarratas an duine ainmnithe ar íocaíocht 2016 a phróiseáil.