Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cáin Chorparáide

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 April 2017

Tuesday, 4 April 2017

Ceisteanna (166)

Pearse Doherty

Ceist:

166. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Airgeadais an mbeadh sé sásta fiosrúchán a sheoladh ar cé acu ar chóir lacáiste cánach a chur ar fáil do chuideachtaí a dhéanann méid áirithe fógraíochta i nGaeilge, ó tharla go n-aontaíonn tromlach na tíre seo gur chóir lipéadú dátheangach a spreagadh agus ó tharla gur féidir leis an nGaeilge cur le forbairt eacnamaíochta na tíre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16165/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an córas cáineach corporáide Éireannach trédhearcach. Tá sé bunaithe ar ráta príomha de 12.5% ar bhonn leathan le líon beag faoiseamh cánach atá an-dhírithe.

Mar sin, nil ach raon srianta caiteachais cánach corporáide in Éirinn. Tá siad seo dírithe ar chruthú post agus ar réimsí nualaíochta. Déantar measúnú rialta orthu seo le cinntiú go bhfuil luach ar airgead á fháil ag an gcáiníocóir.

Go ginéarálta tá comhlacht i dteideal asbhaintí i gcoinne brabúis i leith caiteachais ioncaim, chomh fada agus atá an caiteachas lán-tabhaithe i gcaitheamh gnó an chomlachta. Titeann caiteachas i leith fograíochta laistigh de seo.

Níl sé i gceist breis faoisimh cánach a thabhairt isteach san earnáil seo.

Barr
Roinn