Mar is eol don Teachta, tá an Foras Teanga mar cheann de na 6 chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 agus tá sé comhdhéanta de dhá áisíneacht ar leith, eadhon, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.
Sa chomhthéacs sin, cuirtear maoiniú ar fáil don bhForas Teanga ó mo Roinnse agus ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann de réir bhuiséid a bhíonn ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar bhonn 75% ó mo Roinn agus 25% ón Roinn Pobal. Déantar Gníomhaireacht na hUltaise a chómhaoiniú ar bhonn 25% ó mo Roinn agus 75% ón Roinn Pobal. Anuas air sin, cuireann mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.
Tá briseadh síos ar mhaoiniú mo Roinne sna blianta 2014-2016 á léiriú sa tábla seo a leanas. Maidir leis an mbliain 2016, is fiú dom a shoiléiriú gur chuir mo Roinn maoiniú breise €260,681 ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus €20,976 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise in 2016 lasmuigh de na buiséid a bhí ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.
-
|
2014
€
|
2015
€
|
2016
€
|
Foras na Gaeilge
|
11,518,979.99
|
11,395,124.00
|
11,347,865.00
|
Clár na Leabhar Gaeilge
|
1,117,395.00
|
1,105,380.00
|
1,061,165.00
|
Colmcille
|
74,715.14
|
113,645.91
|
118,518.37
|
Gníomhaireacht na hUltaise
|
758,282.36
|
853,719.39
|
721,862.35
|
Iomlán
|
13,469,372.49
|
13,467,869.30
|
13,249,410.72
|
Is é €13.989m an soláthar táscach sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017 ó dheas chun freastal ar na búiséid a bheidh ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas amach anseo don bhForas Teanga, mar aon le maoiniú imfhálaithe do Chlár na Leabhar Gaeilge agus Cholmcille.