Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 May 2017

Tuesday, 2 May 2017

Ceisteanna (57)

Catherine Connolly

Ceist:

57. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad é stádas Bhille nua na dTeangacha Oifigiúla atá beartaithe; agus go háirithe, cén dáta a fhoilseofar Ceannteidil an Bhille; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20428/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tar éis athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), a dréachtaíodh anuraidh, agus tréimhse comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, tá Ceannteidil nua Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) á ndréachtú faoi láthair. Tá sé beartaithe na Ceannteidil nua a chur faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na Bealtaine.

Barr
Roinn