Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 May 2017

Tuesday, 2 May 2017

Ceisteanna (736)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

736. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó chuid de na meánscoileanna ar na hoileáin ar bhreis scoláireachtaí don scoilbhliain 2017/2018 faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20006/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá cúnamh curtha ar fáil ag an Roinn ó 2007 i leith faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge chun daltaí meánscoile ó cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht a choinneáil ar iostas i dtithe atá aitheanta faoin Scéim ar na hoileáin Ghaeltachta. Is iad Coláiste Ghobnait in Inis Oírr, Coláiste Naomh Eoin in Inis Meáin agus Gairmscoil Éinne in Árainn na scoileanna atá páirteach sa scéim faoi láthair. Déanann na daltaí seo freastal ar an scoil ar feadh bliain acadúil amháin in éineacht leis na gasúir áitiúla. Íoctar deontas laethúil de €27 le teaghlaigh aitheanta faoin scéim a choinníonn daltaí ar iostas fad a bhíonn siad ag freastal ar mheánscoil an oileáin. Déantar athbhreithniú ar an scéim áirithe seo go rialta. Cuirtear nithe éagsúla san áireamh mar chuid de na hathbhreithnithe sin, lena n-áirítear an t-éileamh ó na meánscoileanna ar na hoileáin agus an tionchar a d’fhéadfadh líon mór daltaí ó cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht a imirt ar theanga phobail na meánscoileanna agus ar theanga phobal na n-oileán féin.

Ag eascairt as an athbhreithniú deiridh a déanadh ar an scéim, tógadh cinneadh go leanfaí leis ar feadh tréimhse trí bliana eile - sé sin go dtí deireadh na scoilbhliana 2018/2019 agus gur uasmhéid de 30 scoláire a bheadh i gceist ar Oileáin Árann.

Sílim gur scéim mhaith í seo a fheidhmíonn go héifeachtach ar scála beag. Caithfear bheith cúramach nach n-athróidh líon mór daltaí nach cainteoirí dhúchais Gaeilge iad nósanna teanga na scoileanna ar a mbíonn siad ag freastal agus ar ndóigh ta sé tábhachtach go ndéanfar uasmhéadú ar an tairbhe do na scoláirí uile.

Mar chás eisceachtúil de bharr cúinsí ar leith cheadaigh mé cúigear scoláire breise le déanaí do Choláiste Éinne, Árainn don scoil bhliain 2017/2018 amháin.

Barr
Roinn